Pictiúr 1: Dé Luain a bhí ann. , Chuaigh Máire agus Seán ag siopadóireacht sa chathair. , Tháinig siad go dtí an siopa ceoil. , Chonaic siad fógra i nGaeilge ar dhoras an tsiopa. , Bhí áthas ar Mháire an Ghaeilge a fheiceáil sa chathair., Ba mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin. , Chuaigh siad abhaile. , Pictiúr 2: Bheartaigh siad dul go dtí an Ghaeltacht., Chuardaigh siad eolas ar an idirlíon., Tháinig siad ar leathanach facebook faoi thuras chun na Gaeltachta., Fuair siad gach eolas faoin turas ón leathanach., Bheartaigh siad clárú don turas., Pictiúr 3: An tseachtain ina dhiaidh sin, chuaigh Lúc agus Síle ar an turas. , Chaith siad seachtain i nGaeltacht Chonamara., Bhí ranganna cainte acu gach maidin., Um thráthnóna d'imir siad eitpheil ar an trá., Bhí aimsir iontach ann ar feadh na seachtaine, San oíche, bhí céilí acu i halla na scoile. , Bhain an bheirt an-taitneamh as an seachtain sa Ghaeltacht., Pictiúr 4: An tseachtain ina dhiaidh sin d'fhill siad ar an scoil. , Bheartaigh siad iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn., D'eagraigh siad ciorcal cainte sa Ghaeilge ag am lóin i halla na scoile., Tháinig slua mór chuig an gciorcal., Rinne gach duine iarracht Gaeilge a labhairt le chéile., Pictiúr 5: D'íoslódáil Síle feidhmchlár Raidió na Gaeltachta ar a fón póca., Thosaigh Síle ag éisteacht le cláracha i nGaeilge ar a bealach ar scoil gach maidin., Tar éis scoile chaith siad roinnt ama ag féachaint ar chláracha ar TG4. , Cheap Síle gurbh fhiú féachaint ar TG4 chun tacú leis an nGaeilge., Tháinig feabhas mór ar a gcuid Gaeilge. -, Pictiúr 6: Tháinig an múinteoir Gaeilge amach ar an ardán., Bhronn sí gradam ar Lúc agus ar Shíle., Mhol sí go hard na spéire iad. , Ag deireadh na bliana bhí ócáid speisialta ar siúl sa scoil. , Dúirt sí go ndearna an bheirt acu an obair ag neartú na Gaeilge sa scoil agus sa cheantar. , Bhí Síle agus Lúc an-bhródúil astu féin. ,

An Ghaeilge - seoid luachmhar

Leaderboard

Visual style

Options

Switch template

Continue editing: ?